Fógraíonn Foras na Gaeilge Urraíocht don Chraobh Camógaíochta
Ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh agus iad ag ceiliúradh céad bliain de Chumann Camógaíochta na nGael, d’fhógair Foras na Gaeilge go mbeadh siad ag déanamh urraíochta ar Chraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann arís i mbliana.
Rinne Bord na Gaeilge urraíocht ar an gcraobhchomórtas sin den chéad uair sa bhliain 1994 agus nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge lean siad orthu leis an urraíocht. Agus é ag fógairt na sonraí cuí maidir leis an urraíocht dúirt Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge gur ‘bliain thábhachtach í an bhliain 2004 do Chumann Camógaíochta na nGael, an banchumann spóirt is mó ar oileán na hÉireann a bhfuil níos mó ná 85,000 ball anois ann. Tá áthas orainn i bhForas na Gaeilge go bhfuil muid ábalta tacú leo arís i mbliana lenár gcuid urraíochta’.
Chomh maith leis sin dúirt Seosamh Mac Donncha; ‘Tá Cumann Camógaíochta na nGael ag déanamh tréaniarrachta suim a spreagadh sa chamógaíocht i scoileanna ar fud na tíre. Is cúis mhisniúil í an tacaíocht a thugann na meáin chumarsáide do Chumann Camógaíochta na nGael, don chomórtas sraithe agus do Chraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann, do gach duine a bhfuil baint acu leis an gCumann’.
Ghabh Miriam O' Callaghan, Uachtarán Chumann Camógaíochta na nGael, buíochas le Foras na Gaeilge as an tacaíocht leanúnach a thugann siad don Chumann. "Sa bhliain seo, ina bhfuil muid ag ceiliúradh céad bliain de chamógaíocht a bheith ar an saol, fáiltíonn muid roimh an tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge dár gcluiche tríd an urraíocht a dhéanann siad ar chraobhchomórtas na camógaíochta - Craobh Shinsearach na hÉireann. Is í seo an deichiú bliain as a chéile a bhfuil urraíocht fhial déanta ag an bhForas ar an gCraobh. Le linn na mblianta sin tá dul chun cinn an-suntasach tagtha ar chultúr agus ar thraidisiúin na hÉireann mar gheall ar an stádas a thugann próifíl na hurraíochta sin dár dteanga dhúchais agus don chamógaíocht.
I mbliana beidh ocht bhfoireann páirteach i gCraobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann. Is iad foireann Thiobraid Árann na curaidh reatha agus d’fhógair siad inniu nach raibh siad chun scaoileadh leis an gcorn gan troid! Tá an seacht bhfoireann eile réidh don dúshlán, áfach. Bhí imreoirí as gach contae i láthair ag an seoladh.
Cuirfear tús le Craobh Camógaíochta Shinsearach na hÉireann, arna urrú ag Foras na Gaeilge, Dé Sathairn 19 Meitheamh nuair a thabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Thriobraid Árann agus nuair a thabharfaidh Aontroim aghaidh ar Chill Chainnigh. Beidh an cluiche ceannais ar siúl Dé Domhnaigh 19 Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh.
I measc siúd a bhí i láthair ag an seoladh bhí Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Miriam O’ Callaghan, Uachtarán Chumann Camógaíochta na nGael agus Sharon Ní Bheoláin, láithreoir nuachta de chuid RTÉ, chomh maith le neart imreoirí agus bainisteoirí de chuid na bhfoirne a bheidh ag glacadh páirte ann.
************************************
Foras na Gaeilge Celebrates Camogie Association Centenary
Foras na Gaeilge celebrated the Cumann Camógaíochta na nGael centenary and announced details of their sponsorship of this year’s Senior All-Ireland Camogie Championship at a special event in Croke Park. To mark the centenary, and their tenth successive year of support for the senior Camogie championship, Foras na Gaeilge have increased their title sponsorship significantly for 2004. There are seven counties looking to dethrone defending champions, Tipperary, and Cumann Camógaíochta na nGael Ambassadors nationwide pledged on going promotion of the game at a local level.
Foras na Gaeilge’s sponsorship was initiated in 1994 by its predecessor, Bord na Gaeilge; and was continued by the new all-Ireland language promotion agency. Announcing details of this year’s title sponsorship at Croke Park, Foras Chief Executive, Seosamh Mac Donncha noted “2004 is a significant year for Cumann Camógaíochta na nGael, which has become the largest female sporting association on the Island of Ireland with over 85,000 members nationwide. Foras na Gaeilge are delighted to show our support again this year with the sponsorship.” Mac Donncha added ‘Cumann Camógaíochta na nGael is dedicated to maintaining the interest in Camogie particularly throughout schools nationwide. The support the media have given the organisation, their league and the Foras na Gaeilge Senior All-Ireland Camogie Championship is a source of great encouragement for all involved.’
Uachtarán Cumann Camógaíochta na nGael, Miriam O’Callaghan thanked Foras na Gaeilge for its continued support, “In this the year we celebrate 100 years of Camogie, we welcome the continued support of our game by Foras na Gaeilge through the sponsorship of our premier Camogie competition - the Senior All-Ireland Championship. This is the 10th successive year in which Foras na Gaeilge have generously supported the Championship and in those years the growth of both aspects of our Irish culture and tradition have been strengthened with the profile of our native language and Camogie being significantly improved."
There are eight counties involved in the Foras na Gaeilge Senior All-Ireland Camogie Championship 2004. Defending champions Tipperary confirmed today their determination to hold onto the title this year. The other seven counties are equally determined to provide the greatest challenge to-date. All were in attendance for today’s announcement.
The Foras na Gaeilge Senior All-Ireland Camogie Championship will start on Saturday, 19 June with matches between Galway and Tipperary and Antrim and Kilkenny, ultimately culminating in the final in Croke Park on Sunday, 19th September. The build up to this year’s Centenary All-Ireland final is enhanced by live television coverage of both semi-finals for the first time by RTÉ, followed by live transmission of the All-Ireland Final.
In attendance at the launch were Chief Executive of Foras na Gaeilge, Seosamh Mac Donncha, Uachtarán Cumann Camógaíochta na nGael, Miriam O’Callaghan, and RTÉ newscaster, Sharon Ní Bheoláin, as well as many inter-county managers and players.