Mobile Version  |  Register  |  Login
home  |  speak out!  |  content zone archives  |  "speak out!" archives  |  vote on it  |  soap opera  |  pub crawl  |  links  |  contact us  |  search  
 Follow us! 
Content Zone
Mon 17-Sep-2007 10:25 More from this writer.. Chronicles
Kerry and Kilkenny: Is that all there is?
Mar dhuine neodrach chaithfeadh díomá a bheith ort faoi chonas a chuaigh Craobh na hEireann sa pheil sinsir inné, a deir An Fear Rua…

Gan amhras, lá mór i saol na nGael a bhí ann. Atmasféar iontach i bPáirc an Chrócaigh agus sár chluiche mionúr le tús a chur leis an scéal. An lucht féachana domhanda raidio agus telefíse is mó riamh. Ar pháipéar, b'iad seo an dá fhoireann peile is fearr agus is cóngaraí dá chéile. Bhí gach uile rud réidh le haghaidh lá mór - ach ní hamhlaidh a tharla.

Cúis bhuartha a bhí ann nach raibh caighdeán na himeartha go maith sa chéad leath ach shíleamar nach raibh ansin ach an gnáth theannas a bhíonn san imirt ar laethanta móra. Bhíomar cinnte to nosclódh an imirt amach sa dara 35 nóiméad. Bhí an ceart again. Ar bhealach. D’oscail sé amach, ceart go leor, ach ní ar an mbealach díreach a shíleamar.

Sea, d’oscail Ciarraí cúil agus cúl báire Chorcaí agus bhí an cluiche thart mar chomhrac tar éis an dara nóiméad den dara leath nuair a bhfuair Kieran Donaghy bronntanas de chúl ó na Corcaigh. Chuaigh Ciarraí sé chúilín chun tosaigh… 2 -6 go 0-6

Ina dhiaidh sin, bhí a fhios againn nach raibh i gceist sa chluiche ach a fháil amach cén farasbarr a bheadh ag Ciarraí ar deireadh. Dá bhrí sin, ba bheag teannais a bhí sa chuid is mó den dara leath, ach amháin, is dócha, nuair a bhfuair Daniel Goulding an cúl do Chorcaigh.

Ní raibh morán deise ag Corcaigh a gcuid cumais cheart pheile a thaispeáint dúinn sa chluiche seo. Is beag díobh a chruthaigh go maith sa chluiche. Bhí an cúl báire, Alan Quirke, go hainnis ar fad … agus ní féidir bheith mar sin nuair is tosaigh Chiarraí atá os do chomhair amach! Trí bhotún … trí chúl !! Deireadh scéil.

Is léir gur sár fhoireann Chiarraíoch atá os ár gcomhair faoi láthair. Athrú bainisteora anuraidh agus an dara Craobh as a chéile fós buaite acu. Deirtear gurb ionann bainistiú ar Chiarraí agus carr a thiomáint. Suíonn duine nua isteach, casann sé an eochair agus 'away' leis arís. Trí chinn de na ceithre Chraobh deiridh buaite acu. Réalta móra acu … Donaghy, Cooper, O’Súilleabháin, O Sé… Agus is léir go bhfuil faobhar agus fonn Craoibhe orthu agus go bhfuil an óige ar a dtaobh fós. Céard faoi ‘three-in-a-row’ i 2008 … ceathair an bhliain dar gcionn … agus tabhairt in athuair faoin uimhir a cúig i 2009? D’fhéadfadh sé a bheith.

Bhuaigh Ciarraí an choimhlint i lár na páirce agus b’shin bunús ceart a mbua: Darragh O Sé / Seamus Scanlon v Derek Kavanagh / Nicholas Murphy. Thug an forlámhas sin an soláthar iontach caide a thug na seansanna ar fad do Gooch agus Donaghy. Níorbh ábhar iontais é nach raibhh Alan Quirke sa chúl, ná cúil Chorcaí, in ann an brú millteanach a sheasamh.

Mar réiteoir, bhi jab andeacair ag David Coldrick na Mí. Bhí air smacht a choinneáil ar an gcluiche ón tús ach, ag an am céanna, gan é a loiteadh le cárta dearg. Bhí air ligean don chluiche forbairt amach dá bhféadfaí chomh maith. Roghnaigh sé anchuid foláireamh agus cártaí buí a thabhairt sa chéad leath, maille leis an uafás ciceanna saora. Cic saor in aghaidh gach nóiméid !! D’oibrigh an straitéis tríd is tríd, sa mhéid is nach féidir a rá gur ar mhíchinneadh réiteora a chas an cluiche seo ach níor ródheas an cluiche a bhí ann le breatnú air … murbh as Ciarraí thú.

Beidh díomá i gCorcaigh inné nár chloígh said a sean chéilithe comhraic sa chéad chluiche ceannais Chraobh na hEireann riamh eatarthu. Ach beidh díomá níos mó in áiteanna eile. Muineachán, mar shampla. Sa chluiche ceathrú ceannais, agus gan ach cupla nóiméad fágtha, bhí Ciarraí ar an raic acusan ach tháinig Ciarraí ar ais agus chaill Muineachán an seans. Cá bhfios cá mbeadh Sam Maguire inniu dá mbuafadh Muineachán an lá úd?

Anois, tá deireadh an tséasúir mhóir beagnach orainn. Agus cá bhfuilimid? Ag deireadh thiar, tar éis an chur is cúitimh ar fad - idir chluichí cúige, chluichí cáiliucháin agus sraith na Craoibhe - tá Ciarraí agus Cill Choinnigh fós ina gcuraithe Uile Eireann…

Mar a chas Peggy Lee na blianta ó shin. Ciarraí agus Cill Choinnigh ... 'Is that all there is?... Is that all there is?... '

Peggy Lee... 'Is that all there is?...
Content Zone
‘We talk just like lions, but we sacrifice like lambs…’.
Whatever Happened to….
Anyone you know in your club?
Bin Tags Don't Make a County
‘Some a’ Dem’ Lads are only Dow-en for the Showers….’
Heavenly Hurling: How the Gods pass their time...
GAA Time and Real Time
Saint Patrick and the camogie princesses
Keats and Chapman at the Munster Final
Mass, the Mater, ‘The Dergvale’ and Mullingar…

More "Content Zone" Topics >>


Speak Out!

More "Speak Out!" Topics >>

There are 10,277 members signed up to anfearrua.com
All times are Dublin, Ireland. Always here... with the best in GAA discussion and comment! © An Fear Rua, 2000 - 2026
Bookmark AFR  |  Make AFR your home page About Us  |  Privacy Policy  |  Terms of Use [ Top of Page ]