Mobile Version  |  Register  |  Login
home  |  speak out!  |  content zone archives  |  "speak out!" archives  |  vote on it  |  soap opera  |  pub crawl  |  links  |  contact us  |  search  
 Follow us! 
Content Zone
Tue 20-Jan-2009 12:08 More from this writer.. Chronicles
An Chéad Dáil: ‘faoi ghlas ag Gallaibh’
Craoladh ar an gclár 'Faoi Chabidil' ar Raidio na Gaeltachta agus arna fhoilsiú anseo le caoinchead an léiritheóra, Cearbhall Ó Síocháin.

‘Faoi ghlas ag Gallaibh…’… ‘Faoi ghlas ag Gallaibh…’. Ba saghas liodán a bhí sa nath beag seo ag an gCléireach an chéad lá riamh gur tháinig an tionól le chéile. Céad is a cúig duine - gan ach corrbhean ina measc - a bhí i dteideal bheith i láthair. Tríocha cúig nuaire ar fad a d’fhógair an Cléireach ‘Faoi ghlas ag Gallaibh’ nuair a glaodh amach ainm Teachta. Ceithre huair eile ghlaoigh sé os ard: ‘Ar díbirt ag Gallaibh’.

An chéad tionól poiblí den Chéad Dáil. Dá mbeitheá i láthair i dTeach an Ard Mhéara, i mBaile Átha Cliath, ar an 21ú lá d’Eanair, 1919 – nócha blian ó shin an tseachtain seo – déarfá nach tús fábharach a bhí ann.

Bhí ballraíocht na Dála bunaithe ar an 105 Feisire a toghadh in Olltoghchán Impiriúil na Samhna 1918, le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn in Westminster, Londain. Iad siúd ar de Pháirtí Shinn Féin iad, bheartaigh siad ar gan dul go Londain, ach pairlimint neamhspleách dá gcuid féin a chur ar bun in Éirinn. Ní raibh ach seachtar dTeachta is fiche i láthair, ina measc fir mhóra de chuid CLG ar nós Annraop Ó Beoláin agus Mícheál Ó Coileáin. Bhí beagnach daichead eile i bpríosún nó ar a gcoimeád. Agus an tríocha seacht Teachta eile, aondactóirí an Tuaiscirt a bhformór, nár ghlac leis an gcuireadh bheith i láthair. Theastaigh uathasan an nasc le Westminster a chaomhnú. An tseandeighilt, an seanscéal i bpolaitíocht na hÉireann - nach bhfuil leigheasta fós, nóchadh blian anonn ón lá cinniúnach sin.

Bá é cruinniú seo na Dála an chéad uair ó mhaidin Luan na Cásca 1916, ar chéimeanna Phríomh Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath, gur fhógair Poblachtánaigh neamhspleáchas na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir. Faoin am seo, bhí an Chéad Chogadh Domhanda thart agus bhí Comhdháil Síochána na mBuaiteoirí ar siúl i Versailles na Fraince – an Cogadh a troideadh, mar a deirtí, ar mhaithe le saoirse na náisiún beag. Bhuel, nárbh sean náisiún beag í Éire a bhi i dteideal a cuid saoirse gach pioc chomh mór agus náisiún ar bith eile ar an Mór Roinn? Bhí tuairim láidir i measc cheannasaíocht Sinn Féin go raibh seans ann go néileodh an tUachtarán Wilson agus Meiriceá saoirse d’Éirinn i Versailles, ach pairlimint daonlathach dár gcuid féin a bheith ar bun agus forógra saoirse a bheith gairmthe.

Mar sin, ag an gcéad tionól, dhearbhaigh na Teachtaí d’aon ghuth ceithre dhocuiméad foirmeálta a mheas siad a thabharfadh seasamh ar éileamh na hÉireann chun neamhspláchais sa pholaitíocht agus sa dlí idirnáisiúnta. B’iad na doiciméid seo ná Bunreacht ghearr, Forógra Neamhspleáchais, Teachtaireacht Chun Tíortha Saora an Domhain agus an Clár Daonlathach.

Meastar gurbh é príomúdar an Chláir ná Ceannasaí Ghluaiseacht an Lucht Oibre, Tom Johnson, le cabhair ó Sheán T Ó Ceallaigh thar cheann Bhráithreachas Poblachtach na Éireann. Bhí na focail raidicúil, ach cailleadh seans mór nuair nár dearnadh beart dá réir sna blianta i ndiaidh bhunú na Chéad Dála.

Ar an lá ceanann céanna, i Sulchóid Bheag, i gcontae Thiobraid Árann caitheadh na chéad urchair i gCogadh na Saoirse. Rinne Dan Breen, Seán Ó Treasaigh, Seán Ó hÓgáin agus Óglaigh eile luíochán inar maraíodh beirt bhall de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann. Agus thosaigh in athuair - ar feadh beagnach ochtó mblian eile - an tseanchoimhlint idir an gunna agus an bosca ballóide i sracadh na tire seo chun na saoirse.

Cúis mhórtais agus cheiliúrtha dúinn an tseachtain seo gur chlis an bosca ballóide ar an ngunna faoi dheireadh agus ní hamháin gur chéim mhór chun na saoirse a bhí i ngairmeadh na Chéad Dála, ach gur bhunchloch daingean don daonlathas a bhí ann, ní hamháin in Éirinn, ach i dtíortha eile ar nós na hInde, na hÉigipte, na hAstráile agus Ceanada a bhí fós faoi ordóg Sheáin Bhuí an tráth sin.
Content Zone
‘We talk just like lions, but we sacrifice like lambs…’.
Whatever Happened to….
Anyone you know in your club?
Bin Tags Don't Make a County
‘Some a’ Dem’ Lads are only Dow-en for the Showers….’
Heavenly Hurling: How the Gods pass their time...
GAA Time and Real Time
Saint Patrick and the camogie princesses
Keats and Chapman at the Munster Final
Mass, the Mater, ‘The Dergvale’ and Mullingar…

More "Content Zone" Topics >>


Speak Out!

More "Speak Out!" Topics >>

There are 10,277 members signed up to anfearrua.com
All times are Dublin, Ireland. Always here... with the best in GAA discussion and comment! © An Fear Rua, 2000 - 2026
Bookmark AFR  |  Make AFR your home page About Us  |  Privacy Policy  |  Terms of Use [ Top of Page ]