Mobile Version  |  Register  |  Login
home  |  speak out!  |  content zone archives  |  "speak out!" archives  |  vote on it  |  soap opera  |  pub crawl  |  links  |  contact us  |  search  
 Follow us! 
Content Zone
Tue 09-Jul-2002 16:37 More from this writer.. An tImreoir
Craobh TG4 i bPeil na mBan 2002
Bhí An Fear Rua i láthair i bPáirc an Chrócaigh nuair a sheol An Taoiseach Bertie Ahern TD Craobh TG4 I bPeil na mBan don bhliain 2002.

Is é TG4 urra agus beochraoltóir eisiach teilifíse Chraobhacha na hÉireann I bPeil na mBan don tréimhse 2002-3.

Déanfar beochraoladh ar chluichí ceannais na hÉireann, sinsear agus sóisear ar TG4 Dé Domhnaigh 29ú Meán Fomhair. Beochraolfar cluichí eile sa chraobh sinsear freisin. Anuraidh, bhí lucht féachana 166,000 duine ar chraobh na mBan, agus bhí 22,000 duine I láthair. Mar a luaigh Parthalán féin, b’shin dhá oiread an tinrimh ag craobhacha an FAI nó an AIL sa rugbaí!

Dúirt an Taoiseach go bhfuil áit lárnach ag peil na mban anois i bhféilire na gcluichí sa tír seo. Dúirt Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, gurbh mhian leo ‘seirbhís spóirt a thabhairt don phobal nach raibh ar fáil in aon áit eile.

Dhearbhaigh an Taoiseach freisin go raibh sé ar intinn aige cuairt oifigiúil a thabhairt go luath ar Club Iomána agus Peile Ghabhail na Callaí agus cupla pionta Bass a ghlacadh leis na leads i gcúlsheomra Thigh Ma Molloy…


Maith Sibh, TG4!

Content Zone
‘We talk just like lions, but we sacrifice like lambs…’.
Whatever Happened to….
Anyone you know in your club?
Bin Tags Don't Make a County
‘Some a’ Dem’ Lads are only Dow-en for the Showers….’
Heavenly Hurling: How the Gods pass their time...
GAA Time and Real Time
Saint Patrick and the camogie princesses
Keats and Chapman at the Munster Final
Mass, the Mater, ‘The Dergvale’ and Mullingar…

More "Content Zone" Topics >>


Speak Out!

More "Speak Out!" Topics >>

There are 10,277 members signed up to anfearrua.com
All times are Dublin, Ireland. Always here... with the best in GAA discussion and comment! © An Fear Rua, 2000 - 2026
Bookmark AFR  |  Make AFR your home page About Us  |  Privacy Policy  |  Terms of Use [ Top of Page ]